Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh

 

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh tar éis Dréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 agus Tuarascáil Comhshaoil a Fhoilsiú

 

Tar éis Dréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 agus Tuarascáil Comhshaoil a fhoilsiú, agus tar éis an cleachtadh gaolmhar comhairliúcháin phoiblí a chur i gcrích, ní mór do Phríomhfheidhmeannach na Comhairle tuarascáil a ullmhú ar aon aighneachtaí nó tuairimí a fuarthas agus ní mór dó an tuarascáil a chur faoi bhráid na gComhaltaí den Chomhairle lena mbreithniú i gcomhréir le halt 12(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Tá Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall ar fáil ag na naisc thíos. Ar mhaithe le soiléiriú, tabhair faoi deara gur ullmhaíodh Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh i mí Dheireadh Fómhair 2017 (an chéad, an dara agus an tríú nasc thíos). Ina dhiaidh sin, ullmhaíodh Aguisín leis an Tuarascáil i mí na Nollag 2017 (an ceathrú nasc thíos). Baineann tuarascáil eile le hábhar freisin, mar atá tuarascáil a cuireadh chuig cruinniú iomlánach sceidealaithe na Comhairle i mí na Samhna 2017 (an cúigiú nasc thíos).

 

Teidil na nasc:

 

(1)     Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh faoi Alt 12(4), Deireadh Fómhair 2017

         Léarscáileanna a bhaineann leis an Aighneacht atá Sonrach don Láithreán i dtaca le Fuinneamh Gaoithe

         Léarscáileanna a bhaineann leis an Aighneacht atá Sonrach don Láithreán i dtaca le Leitir Ceanainn

 

(2)     Aguisín le Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh (Nollaig 2017); agus

 

(3)     Tuarascáil chuig cruinniú Iomlánach sceidealaithe na Comhairle, Samhain 2017